Fiafraíodh den Mheiriceánach Daniel Webster (1782-1852), dlíodóir agus óráidí cáiliúil, cén fáth go ndearna sé rogha ar shlí bheatha sa dlí, gairm a bhí plódaithe cheana féin. “Tá slí go leor fós ann ar bharr réime!”, a d’fhreagair sé.
Cuirfear SCRIPTed leis an gcuid mhór irisí dlí, ag baint le maoin intleachtach agus teicneolaíocht, atá ar fáil cheana féin ar líne sa tslí agus sa spiorad céanna sin. Agus mé ag machnamh ar chonas iris den chéad scoth a fhorbairt, tháinig smaointe éagsúla chugam – creidim go mbaineann siad go díreach le cad tá curtha i gcrích cheana mar thoradh ar bhunú na hirise sin (agus ina theannta sin, le rath na hirise sa todhchaí), iris atá eagraithe le mic léinn.
Seo iad na smaointe sin, gan aon ordú speisialta; agus tá súil agam go mbaineann said le SCRIPTed i bhfad ina dhiaidh sin:
-
nua
-
tionscantach
-
gan a bheith follasach
-
gan a bheith gnách
-
suas chun dáta
-
bunúsach
-
scileanna agus obair
-
cruthú intleachtach
-
spreagadh
-
obair na hintinne
-
bheith difriúil
-
an cothrom a dhéanamh
-
bheith criticiúil; léirmheas a dhéanamh agus nuacht a thabhairt
-
polasaí poiblí
-
spéis poiblí
Agus bfhéidir go mba cheart dom críochnú ‘with a little luck’ – ráiteas nach bhfaightear, go bhfios dom, in aon reachtaíocht a bhaineann le maoin intleachtach nó teicneolaíocht, ach in amhrán den teideal céanna le Paul McCartney (r. 1942, agus linn go fóill). Gabhaim mo leithséal libh (agus le Graeme Laurie go speisialta) as bheith ag tagairt do na 1970s sa deireadh ….
Hector MacQueen
Professor of Private Law
Director, ahrc Research Centre for Studies in
Intellectual Property and Technology Law
Edinburgh Law School
University of Edinburgh
Ollamh le Dlí
Stiúrthóir ….
Scoil an Dlí
Ollscoil Dhúin Éideann
